Raghaidh mé síos i measc na ndaoine De shiúl mo chos Síos i measc na ndaoine Is raghaidh mé síos anocht. Raghaidh mé síos ag lorg daoirse Ón mbinibshaoirse Síos ag lorg daoirse Tá ag liú anseo Ceanglód an chonairt smaointe Tá an drannadh im thimpeall An chonairt smaointe San uaigneas Loirgeod an teampall rialta Bíonn sí lán de dhaoine Oh an teampall rialta Ag am fé leith Is loireod comhluadar daoine Nár chleacht riamh saoirse Comhluadar daoine Ná uaigneas Fanfad libh de ló is d'oíche Is beidh mé íseal Beidh mé dílis Do bhur snabsmaointe Mar do chuala iad ag fás im intinn Ag fás gan chuimse Ag fás im intinn Gan mheasarthacht Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar Don rud tá srianta Mo chroí, bhí sí fíochmhar Do gach macrud Don smacht, don reacht, don teampall daoineach Don ab, don chlog, don tseirbhíseach Don smacht, don reacht, don teampall daoineach Don am fé leith Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe Sa bhfómhar is é ag cuimhneamh Ag tomhas na gaoithe Ar pháircín eornan Don chomhthuiscint, do chomh-sheanchuimhne Do chomhiompar comhdhaoine Don chomh-mhacrud.