Kishore Kumar Hits

The Gloaming - The Pilgrim's Song текст песни

Исполнитель: The Gloaming

альбом: 2


Do labhair an tír mar theampall
Bhí siúl na habhann boimpéiseach
Do chrom go glúin na gleannta
Bhí fíor na croise ar ghéaga

Le soiscéal gaoithe d'éisteas
Bhí naofacht ar an dtalamh
Anseo do mhair mo chéadshearc
Ó níor ghabhas an treo le fada

Chonac saol mar scéal fiannaíochta
Fadó fadó ar maidin
A mhúnlaigh an tslat draíochta
A bhíonn 'na láimh ag leanbh
D'aiséirigh 'na taisléine
Le solas ar a leacain
'S do thionlaic mé go gléineach
Ar oilithreacht fám anam

Anseo do mhair mo chéadshearc
Ó níor ghabhas an treo le fada

Tá aisling ann
Is eol dom í
Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhail
Lasair gheal gan chorp mar ghaoith
Agus corp oiriúnach á impí aici

Поcмотреть все песни артиста

Другие альбомы исполнителя

Похожие исполнители