Kishore Kumar Hits

Bua - An Baitsiléir текст песни

Исполнитель: Bua

альбом: Down the Green Fields


Tá mé anois, faraor, 'mo sheanduine
'Gus chaith mé saol gan dóigh,
Ar shiúl i ndiaidh na mban san oich',
'S mo chodladh arís sa lá,
Bhinn a' suiri leo 's a' peataiocht,
Ag imirt is ag ól,
Ach ní bhfuair mé bean domh féin ariamh,
Mo chreach 's mhíle brón.
Bhí mé aigeantach a' damhsa,
'S bhí mé croiúil a' gabhail cheoil,
Bhí mé ealaíonta ag suirí
Bhí mé súgach 'dtigh an óil,
Bhí mé suailceach greannmhar tarraingteach,
'S ní mise liom a rá,
Dheamhan cailín dá gcaithfinn oíche léi,
Nach dtitfeadh liom i ngrá.
Níl bean agam 's níl clann agam,
'S níl fáras agam domh féin.
Níl leathphingín rua ar a' tsaol agam,
Ná gréim le cur in mo bhéal.
Ó, a Mhuire, nach mé a í amaideach,
Nár phós nuair a bhí mé óg,
Bhéinn anois 'mo shuí go sona
'Chois mo thinneadh fhéin 'gabhail cheoil.
Nuair a bhí mé óg gan mhairg,
Bhí mé carthanach lách cóir,
'S níl áit ó neamh go hÁrainn
Nach mbínn oíche le í óig,
Níl bainis, dail ná baisteadh
Ná coirm dá mbíodh san áit,
Nach gcaithfinn acu 'n oíche,
Agus páirt rómhór den lá.
Nuair a thigfeadh teas a' tsamhraidh,
'Gus na laetha fada breá,
Ó mhaidin go tráthnóna,
Fa na í bhínn a' snámh,
Luínn siar go sómasach
Ar léana 'chois na trá,
Bhínn ag éisteacht leis na fuiseogaí,
'S níorbh fhada liom a' lá.
Níl bean agam 's níl clann agam,
'S níl fáras agam domh féin.
Níl leathphingín rua ar a' tsaol agam,
Ná gréim le cur in mo bhéal.
Ó, a Mhuire, nach mé a í amaideach,
Nár phós nuair a bhí mé óg,
Bhéinn anois 'mo shuí go sona
'Chois mo thinneadh fhéin 'gabhail cheoil.
A bhuachaillí na gcarad
Tá mé 'tabhairt comhairle daoibh ó mo chroí,
Ná gabhaigí leis a' drabhlas,
Már rinne mise i dtús mo shaoil,
Ach pósaigí na cailiní,
'S déanaigí fáras beag daoibh féin,
'S na bígí fágtha fuar fann folamh arís,
Mar mise i ndeireadh 'n lae.
Ach anois tá an aois á taispeáint,
Ar mo sheanchnámhna, monuar,
Tá mé cloite crupthaí caite,
'S mé a' tarraignt ar an uaigh,
Bím a' meabhrú ar mo pheacaí,
'S a' déanamh aithreachais go cruaidh,
'S a Rí na glóire gile,
Dearc le trócaire orm anuas.
Níl bean agam 's níl clann agam,
'S níl fáras agam domh féin.
Níl leathphingín rua ar a' tsaol agam,
Ná gréim le cur in mo bhéal.
Ó, a Mhuire, nach mé a í amaideach,
Nár phós nuair a bhí mé óg,
Bhéinn anois 'mo shuí go sona
'Chois mo thinneadh fhéin 'gabhail cheoil.

Поcмотреть все песни артиста

Другие альбомы исполнителя

Похожие исполнители