Kishore Kumar Hits

Líadan - Ócum an Phríosúin текст песни

Исполнитель: Líadan

альбом: Casadh Na Taoide: Turning the Tide


Oh Molaim Sú An Ghráin Eorna Go Deo Deo Is Choíche
'Sé An Trua Nach Raibh Tóir Ag Rí Seoirse Ar A Dhéanam
Seán Ford A Bheith Ina Ghiúistís 'Sé A Chomhairleodh Na Daoine
Mar Is É A Chuir Mise Ag Foghlaim Le Hócam A Spíonadh
Is Ramsa Dideldoram 'Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh
Oh Osclaíodh Domsa An Stór A Raibh Ócam Thar Maoil Ann
Is Thug Mé Lán Mo Ghabhail Liom Mo Dhóthain Go Ceann Míosa
Is Nach Mise A Bhain An Gáire As An Ngarda A Bhí I Mo Thimpeall
Nuair A D'fhiafraigh Mé Den Cheannfort Cé Air Ar Fhás An Fionnadh?
Is Ramsa Dideldoram 'Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh
Tá An Éireannach Uí'Dhomhnaill Ina Chodladh Agus Imníoch
Nár Ionsaigh Na Luchain A Chuid Ócaim San Oíche
Ar An Maidin Lá Arna Mhárach Bhí Móide Ann Á Inseacht
"By Daid" A Deir An Gobharnóir "Tá An Diabhal Ar Fad Déanta!"
Is Ramsa Dideldoram 'Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh
'S Nach Mise A Bhíonn Go Tuirseach Ag Tochas Is Ag Scríobadh
Ag Obair Don Eochróir A Bhfuil Eochair Aige Is Míle
Agus D'osclódh Sé Doirse Agus Glasannaí Na hÉireann
Is Chuirfeadh Sé Na Tincéirí Na Stiléirí I Ngéibheann
Is Ramsa Dideldoram 'Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh
Is Nach Mise A Bhíonn Go Brónach Gach Domhnach Is Lá Saoire
Ag Siúl Anseo Sa Ngairdín I Bhfáinne Is Mé Ag Dul Timpeall
Agus Sileann Mo Chuid Deora I Gcónaí Nuair A Smaoiním
Gur Olc An Obair Dhomsa É A Bheith I Gcónaí Ar An Gcaoi Seo
Is Ramsa Dideldoram 'Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh
Is Ramsa Dideldoram Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na hÓglaigh Á Spíonadh

Поcмотреть все песни артиста

Другие альбомы исполнителя

Похожие исполнители

Bua

Исполнитель

Beoga

Исполнитель